Bhí lá stairiúil againn i bPáirc an Chrócaigh inné nuair a d’éirigh le foireann camógaíochta Ghaelscoil na Camóige an Sciath INTO a bhaint amach! Is é seo an dara uair i mbliana go ndeachaigh foireann de chuid na scoile chuig Páirc an Chrócaigh agus a bhain bua amach. A leithead go ‘Double’. Téigh go Gailearaí chun tuilleadh pictiúirí a fheiceáil!
Lá Clainne ar siúil ar 11.6.16 ó 1pm – 5pm. Bígí linn! Beidh bia, deochanna agus caisleáin preabadh, An Kube, Stáisiún féin-pic agus tuilleadh eile!
Téigh chuig an Gailearaí chun pictiúirí a fheiceáil ó Lá 1 agus 2 i Seantreabh a bhí ar siúil inniu!
Ar an Seachtú lá fichead do mhí Aibreáin, chuaigh Rang 5 agus Rang 6 ar thuras go Scoil Éanna. Ó thús na bliana, bhí na páistí ar fad dírithe ar Chomóradh 1916 agus mar sin bhí an-suim acu sa thuras. Thosaigh an turas taobh istigh do Scoil Éanna agus fuair na páistí léargas ar an saol a bhí ag na páistí a d’fhreastail ar an
Tuilleadh »
Tá Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko do Ghaelscoil na Camóige ar fáil anois. Féach an nasc thíos. Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko
Beidh Gaelscoil na Camóige ag cur tús le Tumoideachas sa scoil i Mí Meán Fómhair 2016. Féach ar an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi céard is Tumoideachas ann. Tumoideachas
Tá an chéad rás ar siúil inniu ar an bpáirc in aice leis an linn snámha ag 11am. Beidh na páistí ag fágáil na scoile ag 10:35 agus ar ais arís ag 12:20. Go n-eirí go geal leo! Níl aon traenáil lúthchleasaíocht i ndiaidh am scoile inniu.
Inniu Lá Fhéile Bríde. Chun an lá speicialta seo a cheiliúradh, rinne Rang 6 croiseanna Bríde sa rang. Ár mbuíochas leis an Múinteoir Eilís a thóg na luachra isteach dúinn! Bhí tráthnóna an-ghnóthach againn agus muid á dhéanamh ach bhain na páistí ar fad an-taitneamh as.
A Chairde, Beidh Pól Mac Reachtain ag cuir rang tiúnáil ar siúil do na tuismitheoirí ar an gCéadaoin seo chugainn, 27ú Eanáir, ag 2.30 i Rang na Naíonán Bheaga. Beidh sé ag múineadh do na tuismitheoirí an bealach le na fidil a chuir i dtiúin. Mairfidh an seisiún thart ar deich nóiméad. Bheadh sé thar a bheadh cabharach dóibh siúd atá páistí acu atá ag
Tuilleadh »
A Chairde, Seo thíos an litir a fuair na páistí ar fad inniu, faoi Cluiche Ceannais na gCailiní i bPáirc an Chrócaigh. Tá na sonraí ar fad faoin lá ar an litir. Le bhur dtola, líonaigí an fhoirm agus seolaigí ar ais ar scoil é roimh an Aoine beag seo, 23/10/15. Míle Buíochas Páirc an Chrócaigh 2015