Chuamar go dtí An Ark, lárionad Cultúir na leanaí, ar 9 Meitheamh 2015. Ghlacamar páirt i gceardlann ealaíne darbh ainm ‘Rhapsodies in Blue’. Rinneamar pictiúir deasa nuair a bhíomar ag éisteacht leis an gceol. D’fhoghlaimíomar faoi péint agus gur bhain ealaíontóirí úsáid as ábhair nádúrtha cosúil le uibheacha, ola, agus mil chun péint a mheascadh. Chonaiceamar ealaín ‘John Kavanagh’ ar na fuinneoga ildaite agus phiocamar ár gceann is fearr. Bhí lá iontach againn ann.