Lá stairiúil a bhí ann inné i bPáirc an Chrócaigh nuair a ghlac foireann camógaíochta Ghaelscoil na Camóige páirt sa Sciath INTO de chuid Cumann na mBunscol. Is é seo an dara h-uair i mbliana gur ghlac agus gur BHUAIGH foireann ó Ghaelscoil na Camóige i bPáirc an Chrócaigh. A leithead go ‘Double’!
Bhí cluiche den chéad scoth ag na cailiní go léir agus d’éirigh leo an Sciath a thógáil leo! Tá muid ar fad chomh bródúil as na cailiní go léir maith sibh! Ard mholadh freisin don lucht féachanna a bhí ar bharr a ghutha! Comhgairdeachas ó chroí leis an Múinteoir Donncha agus an Múinteoir Oisín a bhí mar thraenálaithe.