Ar an Seachtú lá fichead do mhí Aibreáin, chuaigh Rang 5 agus Rang 6 ar thuras go Scoil Éanna. Ó thús na bliana, bhí na páistí ar fad dírithe ar Chomóradh 1916 agus mar sin bhí an-suim acu sa thuras.
Thosaigh an turas taobh istigh do Scoil Éanna agus fuair na páistí léargas ar an saol a bhí ag na páistí a d’fhreastail ar an scoil. Bhí sé thar a bheith suimiúil.
Chuala muid ó Morgan Llywelyn, scríobhneoir cáiliúil a scríobhann leabhair do pháistí. Bhí deis ag na páistí ceisteanna a chuir uirthi ag an deireadh.
Bhí lón deas againn taobh amuigh agus bhí am súgartha ag na páistí sa pháirc ar thaobh na scoile. Lá den scoth.